30.11.05
28.11.05
Féilire
Beidh an féilire 2006 ar fáil i siopaí, nó cuir órdú chuig an Coiste Litríochta Mhúsgraí Uí Fhloinn.
21.11.05
An Ghaoluinn
Ar mhaith leat an Ghaoluinn a fhoghlaim?

Tar linn ar ár mbealach.
Beidh tosach againn i Mí na Nollag (2005).
16.11.05
i ngrá

Is 'Caschló' é, le Vincent Morley. Ar fheabhas! Go raibh maith agat, a Vincent!
Is maith liom an chuid is mó de seanchlóanna Gaelach. Is deise iad ioná clóanna Rómhanach, i mo thuairimse.
15.11.05
Ana-dheas!
Bhí Brian Ó Broin ag caint leis na Gaeilgeoirí i Nua Eabhrac i mí Aibreáin so caite. Éistigí le Turas an Chraoibhín.
(Mo bhuíoch do Hilary as ucht an nasc maith!)
Teamhair
D'fhéadfadh an rialtas cur mótarbhealach in aice
Cnoic na Teamhrach go luath.
Sínigh an iarratas seo má tá fearg ortsa leis:
http://www.petitiononline.com/hilltara/petition.html
An cruit, do scap thrí thallaidh 's righ
Na gaethe ceolta binn',
Tá 'r bhallaidh Theamhra 'noir 'nn a luidhe
Gan fearsad ceoil, no rinn:
Mar súd tá 'n t-am, chuaidh thart, fé cheo,
Tá 'cháil, 's a chlú fé shuan;
A's croidhthe, 'shantuigh molta teo,
Ní airigheann iad go buan.
Ní cluintear cruit na Teamhra treun
Mearg cruinniúghadh ban, nó saoi,
Óir, fuagrann í bheith feachta, faon,
Fuaim briste teud 'sa n-oidhche!
Mar súd do 'n t-saoirseacht, 's anamh trá
A dúsgthar í go deo,
Acht 'nuair a bristear croidhe 'g a chrádhadh,
Ag foilsiúghadh í bheith beo.
(le Tomás Ó Mordha)
8.11.05
An uair do bhíos i m'óige . . .
. . . do bhaineas sult as "Foras Feasa ar Éirinn" le Seathrún Ceitinn. Anois, tá sé ar líne (!) agus táim ag léamh arís é. :-)
Ansan ba dheas é dá bheadh 'Cogadh Gaedhel re Gallaibh' ar líne leis. (leid daoibh, a chairde!)



