Pangur Bán
Mise agus Pangur bángach duine againn ag a cheird ar leith:
bíonn a mheanma-san le seilg
mo mheanma féin le mo shaincheird.
Is maith liom, fearr ná gach clú,
ag mo leabhrán, ag tuiscint go dícheallach;
níl formad ag Pangur bán liom;
carann sé féin a mhac-dhán.
Nuair a bhímid, scéal gan scís,
inár dteach, an dís againn,
tá againn, cleas gan chríoch,
rud a dtugaimid ár mbeartaíocht dó.
De ghnáth, ar uairantaibh, tar éis greasaibh galacha
téann luch i bhfostú ina líonsan;
agus mé, titeann i mo líon féin
dlí deacair de chiall bhunúsach.
Greamaíonn sé i bhfraigh fáil
a rosc geal comhlán;
greamaím féin i bhféighe an fheasa
mo rosc réil, cé go bhfuil sé ana-lag.
Tá áthas air a dhul go tapa
nuair a ghleanann luch ina chrúb ghéar;
nuair a thugaim ceist dhoraidh dhil
tá áthas ormsa féin.
Cé go mbeimis go deimhin ar uaireantaibh
ní bhodhraímid a chéile:
is maith le ceachtar a dhán;
subhaigh gach aon fúthu.
Is é féin máistir dó
na hoibre a dheineann sé gach aon lá;
a thabhairt doraidh do shoiléireacht
is í m'obair féin.
(9ú haois; gan ainm)
Tags:Gaeilge, Gaoluinn




1 Freagraí:
B'fhéidir gur ro-dhána mé, ach, seo é m'aistriuchán den dán iontach sin:
Myself and Pangur Bán
each of us at our own trade:
his spirit is with hunting
my spirit is with my craft.
I like, more than any fame,
(to be) at my book, earnestly considering;
Pangur bán doesn't envy me;
He sings his own tune.
When we are, tale unceasing,
in our house, the both of us,
we have tricks enending,
a thing we give our ingenuity to.
Usually, at times, after an ardent outburst,
a mouse gets entangled in his net;
and I, fall into my own net difficult law of fundamental meaning.
He grips the extant rafter
his perfect bright eye;
I adhere to the care of knowledge
my clear eye, though it is very weak.
He delights in going fast
when a mouse is in the hollow of his sharp claw;
When I resolve a complex legal question
I am joyful too.
Though we be deep at times
we do not deafen each other:
each one likes his art;
cheerful each one at them.
He is himself master
of the works he does each day;
bringing clarity to intricasies
it is my own work.
Measaim go bhfuil dhá mílitriú sa theacs, mar atá:
carann - in ionad canann (ins an líne deiridh den dara rann.)
dhil - in ionad dhlí (ins an ceathrú líne den seú rann.)
Ceartaigí mé más gá. Nach amháin ins an brí, ach ins an rogha focal agam, freisin.
Léigh me an dán seo fadó ins an fhoirm sean-Ghaelach, ach ní raibh mé in ann é a fhúascailt ins an fhoirm sin.
GRMA! a Chionaidh ar do chur ar fáil dúinn é.
Proinsias
Post a Comment
<< Home