Leabhair

Is maith liom leabhair.
Is liom na céadta; níl a fhios agam cé mhéad go cruinn. Is féidir go bhfuil mílte ann.
Is céadta le mo bhean chéile chomh maith.
Mar bhuille fé thuairim tá trí céad agam i nGaeilge (nó i nGaoluinn, nó i nGaedhilge). Ceannaím leabhair don fhoghlaimeoirí, foclóirí, gráiméir, leabhair léitheoireachta (do dhaoine fásta agus do pháistí), filíocht, beathaisnéisí, leabhair staire, agus araile. Tá leabhair agam fé (nó i) Sean-Ghaeilge agus foirmeacha as tosach aimsire eile.
Ceannaím leabhair nua go hannamh; is fearr liom leabhair úsáidte a cheannach (mar is féidir a fháil níos mó mar sin).
Nuair atá leabhair Gaeilge uaimse sna S.A.M., is maith liom:
Seanchaí Books
115 West Main Street, Charlottesville, VA
Tá a lán leabhair Ghaeilge acu.
(Abair le Pádraig agus Krista Farrell "Dia dhuit ó Chionaodh")
Schoenhof's Books
76A Mount Auburn Street, Cambridge, MA
Nuair atáim in Éirinn, is fearr liom:
Greene's Book Shop
16 Clare Street, Dublin
Kenny's Book Shop
(Tá an siopa dúnta anois, ach is féidir leat leabhair a cheannach ar líne.)
Charlie Byrne's Book Shop
Middle Street, Galway
Naughton Booksellers
8 Marine Terrace, Dun Laoghaire
An Café Liteartha
Dykegate Lane, Dingle
"An Ceathrú Póilí"
216 Falls Road, Belfast
Anois leis an idirlíon a fháil, seolaim ordaithe ar fud an domhan ar líne:
Litríocht
Oideas Gael
ABEbooks
Agus ar ndóigh, ar eBay. Tá mórán leabhair i nGaeilge le díol ansan.
Cén siopaí is fearr leatsa?
- - - - - - - - - - - - - - - - -
Is maith liom siopaí eile (ach bíonn leabhair Gaeilge annamh leo so):
Federal Street Books
8 Federal St., Greenfield, Massachusetts, S.A.M.
Book Bear
80 West Main Street, West Brookfield, Massachusetts, S.A.M.
Montague Book Mill
440 Greenfield Rd. Montague, Massachusetts, S.A.M.
Old Book Shop
4 John St., Morristown, New Jersey, S.A.M.
Lee's Spot
917 Elm St., Manchester, New Hampshire, S.A.M
- - - - - - - - - - - - - - - - -
An bhfuil leabhar Gaeilge muirneach agat?
So é an leabhar is gile liom:

Is é "The Educational Irish-English Pronouncing Dictionary" le Séamas Ó Dúirinne agus Pádraig Ó Dálaigh. Do cheannaíos é i 1984 i Siopa Leabhar Greene's i mBaile Átha Cliath. Do thugas 50p ar! Úsáidim é gach seachtain fós; tá a lán Ghaoluinne istigh ann (agus cúpla focal i nGaeilge chomh maith).
Tags:Gaeilge, Gaoluinn




2 Freagraí:
Bhi me ag leamh Twenty Major agus chonaic me do post. Cad e, i Gaelge simpli no Bearla, chairdin?
"accordion"
Post a Comment
<< Home