.comment-link {margin-left:.6em;}

Aduaidh

Focail fé thuairim i nGaoluinn.

13.8.07

"Coinín" is ainm don chat.









Do fuaireamair cat nua an fhómhar so caite;
"Eoghainín" a thugtar air.

Is créatúr breá é, agus réitíonn sé go maith
leis na hainmhithe eile sa tigh.
Ach ní féidir le mo mhacsa Artúr (3 bhliain d'aois)
an t-ainm sin a rá ar chúis éigin ait.
Tugann sé "Coinín" air ina áit.

"Ach féach ar na pictiúir seo sa leabhar so" arsa mé, ag taispeáint coiníní deasa éagsúla dó. "Cad iad san?"

"Coiníní! " ar seisean, ag féachaint orm mar atáim craiceáilte.

"Agus an bhfuil cluasa fada acu?"

"Tá."

"Féach ar Eoghainín thall ansan. An bhfuil cluasa fada aige?"

"Níl."

"Ceart go leor" arsa mé. "An cat é, nó coinín?"

"Cat."

"Mar so, cad is ainm don chat?"

"Coinín" ar seisean, a shúile ag lonrú go hábhailleach.



Tags: ,

3 Freagraí:

At 14/8/07 09:56, Anonymous Anonymous said...

Fuirseoir a bheidh ann gan dabht!

 
At 7/1/08 08:07, Blogger Na Galaena said...

Dia dhuit!
I'm very happy because this entry is been the 1st one I could understand without checking the dictionary!!

Seems at least I'm making some progress.

Last week I discovered quite a bunch of blogs in Gaeilge, I'm gonna read them often to practise.

Btw, Anna is ainm dom. Is Chatalánach mé, in aice leis an Spáinn. Is mise mac léinn.

 
At 7/1/08 12:49, Blogger Cionaodh said...

Dia 's Muire dhuit, a Anna -- tá fáilte romhat anso!

 

Post a Comment

<< Home